Iób 10:4 - An Bíobla Naofa 1981 An bhfuil súile daonna i do cheann? An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An súile colluidhe atá agad? nó an mar do chí duine do chí tú? |
Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.
Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air, Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.
Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.
Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine,
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”