agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”
Iób 1:19 - An Bíobla Naofa 1981 agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, tháinic gáoth mhór ón bhfásach, agus do bhuáil sí ceithre coirnéil an tighe, agus do thuit sé air na hógánuibh, agus atáid marbh; agus tháinic misi amháin am áonar as dá innisin dhuit. |
agus dúirt Iacób, an t‑athair, leo: “Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!”
Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.
Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: “Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu,
D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos
thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”
nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.
Scread sé: “Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.” Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha.