Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 1:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: “Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 An feadh do bhí sé fós ag combrádh, tháinic duine oile mar an ccéadna, agus a dubhairt, Do bhádar do mhic agus hingheana ag ithe agus ag ól fíona a ttigh a ndearbhrathar fá sine:

Féach an chaibidil Cóip




Iób 1:18
17 Tagairtí Cros  

agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”


Lá dá raibh a chlann mhac agus iníonacha ag ól fíona i dteach an dearthár ba shine acu,


Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”


agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”


Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n‑uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.


Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.


Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m'osnaíl.


Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.


Má pheacaigh do chlann ina aghaidh Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.


Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.


Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.


gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.


Tá teachtaire ar leanúint teachtaire, giolla sna sála ar ghiolla chun a rá le rí na Bablóine gur gabhadh a chathair ó gach taobh;


Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí