“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Eoin 1:5 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bíonn an solas ag soilsiú sa dorchadas, agus níl bua ag an dorchadas air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Soillsigheann an solus san dorchadas, acht níor ghlac an dorchadas leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus lonnruigheann an solas san dorchadas; agus níor sháruigh an dorchadas é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus soillsighidh an solus sin ann sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é. |
“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;
An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.