Eazrá 8:30 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin do ghlacadar na sagairt agus na Lebhiteach comhthrom a nairgid, agus a noir, agus na soitheach, da ttabhairt go Hierusalem go tigh ar Nde. |
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”
Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.