Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 8:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 ¶ Ann sin do ghiuáiseamar ó shruth Ahabha ar an dara lá deag don chédmhí do dhul go Hierusalem: agus do bhí lámh ar Ndé maille rinn, agus do sháor sé sinn ó láimh na námhad, agus ón mhéid do bhí a luidheachán oruinn annsa tslighe.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 8:31
10 Tagairtí Cros  

agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.


mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.


Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.


Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.


agus d'iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.


Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí