Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.
Eazrá 5:14 - An Bíobla Naofa 1981 Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an ccéadna soithighe óir agus airgid thighe Dé, noch rug Nebuchadnesar as an tteampall do bhí ann Ierusalem, agus rug íad go teampall na Baibilóine, thug Cirus an rígh íad sin amach as teampall na Babilóine, agus tugadh dáon íad, dar bhainm Sesbassar, dá ndéarna seision úachdarán; |
Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.
Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad.
Dúirt sé leis: ‘Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.’
Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”
Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”
Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,
Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.
Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:
Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia,
“Labhair le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus le fuílleach uile an phobail mar seo:
“Abair le Zarubáibil, gobharnóir Iúdá: ‘Bainfidh mé croitheadh as na spéartha agus as an domhan.
Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.