Gníomhartha 13:12 - An Bíobla Naofa 198112 Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)12 Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar bʼiontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara12 Annsin nuair a chonnaic an t-urchonsul cad é thárla, chreid sé, agus iongantas air fá theagasc an Tighearna. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Annsin, nuair do chonnaic an próconsúl a raibh déanta, do chreid sé, ag déanamh iongantais de theagasc an Tighearna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Ar bhfaicsin don uachdarán, an tan sin a ní do rinneadh ann, do chreid sé, ag déanamh iongantuis fá theagusg an Tighearna. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)12 Ansan nuair a chonnaic an próchonsul an níd sin do dhein sé iongna de theagasg an Tighearna agus do chrieid sé. Féach an chaibidil |