Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Ann sin do ghoir Phárao ar Mhaóise, agus ar Aáron, agus a dubhairt, Guidhidh an TIGHEARNA go mbeireadh sé na luisgionn uáimse agus óm mhuinntir, agus léigfe mé don phobal imtheachd, go madh héidir leó iodhbuírt do dhéanamh don TIGHEARNA.
Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.
Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”
Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.
Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.
Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”