Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 14:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do hinnseadh do rígh na Hégipte gur theitheadur an pobal: agus do cláochlóidheadh croidhe Pharao agus a mhuinntire a naghuidh an phobuil, agus a dubhradar, Créad fá ndearnamar so? as ar léigeamar Israel dimtheachd as ar serbhis?

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 14:5
9 Tagairtí Cros  

Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób.


D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.


Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar “tá an bás againn!”


Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.


Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí