Eaxodus 8:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuáidh Maóise agus Aáron, amach ó Phárao: agus do éigh Maóise ar anTTIGHEARNA, fá na Cnadainibh tug sé a naghuidh Phárao. |
Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
Rinne an Tiarna de réir mar d'iarr Maois; cailleadh na froganna sna tithe, sna clóis, agus sna machairí.
Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,
Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.