Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus imeóchuid na luisgionn uáit féin agus ód thighthibh, agus ód sherbhíseachuibh, agus ód phobal; agus fanfuid siad sa nabhuinn amháin.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:11
7 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.


Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.


Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann.


Rinne an Tiarna de réir mar d'iarr Maois; cailleadh na froganna sna tithe, sna clóis, agus sna machairí.


Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.


Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí