Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 8:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt seision, A márach. Agus a dubhairt seision, Bíodh do réir thfocailsi: ionnus go mbía a fhios agad nach bhfuil éinneach cosmhuil ris anTTIGHEARNA ar Ndíane.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 8:10
21 Tagairtí Cros  

Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.


Níl aon neach mar thú a Thiarna, agus níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.


Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!


Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.


Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.


Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”


mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad.


D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.


Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.


Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht? Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?


“Cé leis a shamhlóidh sibh mé, nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.


cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m'athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!


‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?


Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne; ní himpígh ár naimhde.


Níl aon neach mar Dhia, Isiriún; tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha; agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.


Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d'fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é.


tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.


Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí