D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.
Eaxodus 6:3 - An Bíobla Naofa 1981 Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do tháisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile chumhachduigh, achd ann mainm IEHOBHAH níor bhaithne dhóibh mé. |
D'aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann.
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”
Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot.
Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm
Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
Tabhair aird air agus éist lena ndeir sé. Ná bí easumhal dó mar ní mhaithfeadh sé a leithéid de locht, óir tá m'ainm ann.
Dúirt Dia le Maois: “Is mé an te atá ann,” agus lean sé air: “agus abair é seo le clann Iosrael: ‘An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.’ ”
Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
“Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m'ainm.”
“An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:
agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia.
Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n‑uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n‑uaigheanna, a phobal liom.
Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.”
Eoin chun na seacht n‑eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach
Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.