Eaxodus 12:2 - An Bíobla Naofa 1981 “Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is í an mhíse bhías aguibhsi na tosach míos: is í bhus céad mhí don bhlíadhuin díbh. |
Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.
Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.
Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.
Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.
Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”
An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal,
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir.
Ar an gceathrú lá déag den chéad mhí beidh ort féile na Cásca a cheiliúradh. Ar feadh seacht lá íosfaidh cách arán gan ghabháil.
“Coimeád mí Áibíb agus coinnigh an Cháisc don Tiarna do Dhia; óir is i mí Áibíb a thug an Tiarna do Dhia thú amach as an Éigipt san oíche.