Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 12:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Labhruidhsi re comhthional Israel uile, ga rádh, An deachmhadh lá don míse glacfuidh síad chuca gach áonduine aca úan, do réir thighe a naithreach, úan, ar son gach éintighe.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 12:3
26 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.


agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt


Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin.


“Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh.


Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t‑uan Cásca.


Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t‑uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas.


Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh.


“Labhair féin linn,” a dúradar le Maois, “agus éistfimid leat; ach ná labhraíodh Dia linn, nó caillfear sinn.”


Agus d'inis Árón a ndúirt an Tiarna le Maois agus rinne sé na comharthaí os comhair an phobail.


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.


“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a thagann duine agaibh le hofráil don Tiarna tugaigí bhur n‑ainmhí le hofráil on táin nó ón tréad.


agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread - caora nó gabhar - mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.


Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann.


Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.


Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”


Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d'ardaigh Íosa ó mhairbh.


Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,


Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.


Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine.


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí