Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
Eaxodus 10:4 - An Bíobla Naofa 1981 Óir má dhiúltaíonn tú ligean do mo phobal imeacht, féach seolfaidh mise lócaistí isteach i do chríocha amárach; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nó má dhíúltann tú léigion dom phobal imtheachd, féuch, go ttiubhra misi a márach, na locuistigh ann do thóranna: |
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.
Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”
Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
“Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.
Déanfaidh mé deighilt idir mo phobalsa agus do phobalsa; amárach a tharlóidh an comhartha seo.’ ”
Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.
Bhí an t‑am socair ag an Tiarna á rá: “Amárach a chuirfidh an Tiarna an bhagairt sin i bhfeidhm ar fud na tíre.”
Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.
Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.
Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.