Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus faleochuid síad aghaidh na talmhun, nach budh féidir le duine an talamh dfaicsin: agus íosuid síad an fuighioll do chuáidh as don ní noch do mhair aguibhsi ón chloichshneachda, agus íosuid gach uile chrann dar fhás díbh as an ttalamh:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 10:5
7 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”


Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.


Óir má dhiúltaíonn tú ligean do mo phobal imeacht, féach seolfaidh mise lócaistí isteach i do chríocha amárach;


ach níor loiteadh na barraí déanacha, an chruithneacht ná an seagal.


Cibé rud a d'fhág an gearrthóir d'alp an lócaiste é agus cibé rud a d'fhág an lócaiste d'alp an preabaire é agus cibé rud a d'fhág an preabaire d'alp an scriostóir é.


Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.


Rompu amach tá tine ag ídiú léi agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh. Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh; ní théann aon ní slán uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí