Cóheilit 2:9 - An Bíobla Naofa 1981 Dá bharr sin uile bhí mé níos cumhachtaí agus níos saibhre ná aon duine ar bith díobh siúd a bhí in Iarúsailéim romham. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin do bhí mé mór, agus dfás mé ní is mó ná a nuile dhuine do bhí romham ann Ierusalem: dfan fós mo ghliocus agam. |
Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.
déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe.
Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach.
Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”
Is go suaimhneach sámh a chodlaíonn an fear oibre cibé acu a bhíonn beagán nó mórán ite aige ach cuireann ollmhaoin an duine shaibhir codladh na hoíche amú air.