Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 1:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do chomhráidh mé rem chróidhe féin, gha rádh, Féuch, tháinic mé chum tábhachta móire, agus is mó fuáir mé deagna ná a ttáinic romham uile an Ierusalem: do chonnairc mo chroidhe fós, mórán gliocuis agus eagna.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 1:16
20 Tagairtí Cros  

Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.


Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.


dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”


Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,


Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.


Smaoiním ar na laethanta a d'imigh; is cuimhin liom na blianta fadó.


Arsa mise liom féin: “Seo anois, féachfaidh mé an lúcháir ort; bain aoibhneas as an bpléisiúr.” Agus féach, baois ba ea é seo freisin.


Tá súile ina cheann ag an saoi; is sa dorchadas, ámh, a shiúlann an daoi. Ach is eol domsa go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh beirt.


Dá bharr sin uile bhí mé níos cumhachtaí agus níos saibhre ná aon duine ar bith díobh siúd a bhí in Iarúsailéim romham.


Arsa mise liom féin: “Tabharfaidh Dia breithiúnas ar an dea-dhuine agus ar an droch-dhuine araon, mar tá a ionú féin ag gach gnó agus gníomh ansin.”


a deir: ‘Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing le seomraí leathana in airde’, a ghearrann fuinneoga amach ann a chumhdaíonn sé le céadar agus a phéinteálann le flanndearg.


Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n‑aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí