Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do chruinnigh mé dhamh féin airgiod agus ór, agus ionnmhus spesialta na ríogh agus na bproibhinnseadh: fuáir mé dhamh féin fir cheóil agus mná ceóil, agus áoibhneas mhac na ndaóine, mar atáid adhbha chiúil, agus sin do nuile shórt.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 2:8
21 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Bairzilí leis an rí: “An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí?


Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.


Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,


Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.


Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán.


Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.


Chuir Híorám céad agus fiche tallann airgid chun an rí.


Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.


Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.


Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,


Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá.


seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin.


Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!


a chanann baothamhráin le fuaim na cruite, a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí