Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Gidheadh níor chreid mé na bríathra, nó go ttáinic mé, agus go bhfacuidh mo shúile íad: agus, féuch, níor hinnseadh a leath dhamh: do sháruigh do chríonnachd agus do shonus an túarusgbháil do chúala mé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:7
9 Tagairtí Cros  

agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht!


Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht!


Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo.


Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.


Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.


Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.


Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”


A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí