Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Amos 2:6 - An Bíobla Naofa 1981 Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Marso a deir an TIGHEARNA; Ar son thrí sáruighthe Israel, agus ar son a ceathair, ní choigeola mé é; do bhrígh gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an bhocht ar phéire bróg; |
Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.
a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.
an dream seo a chiontaíonn duine le focal, a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata, a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
“Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.
Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.
Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.