Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
3 Eoin 1:7 - An Bíobla Naofa 1981 Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar dʼimigh siad in ainm Dé gan aon ní a ghlacadh ó na págánaigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir is ar son an Ainme d’imthigheadar gan éinnidh do ghlacadh ó na Cineadhachaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar gur ar son a ainm-sean a ghabh siad bóthar agus gan tada dá ghlacadh acu ó na págánaigh. |
Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m'ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”
D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.
Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.
Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin!
Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t‑ainm úd atá os cionn gach ainm,
Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne.