Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 8:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ba ansin a chuaigh an dream ar cuireadh an ruaig orthu thart ag fógairt an bhriathair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 An mhuinntir a bhí scaptha, dá bhrígh sin, théigheadh siad thart ag craobhscaoileadh briathar Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Acht an méid díobh do scaipeadh d’imthigh siad rómpa ag craobhscaoileadh an bhriathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Uime sin an dream do bhí ar na sgaradh dimigheadar timcheall ag seanmórugh na bréithre.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluaiseadar rómpa ag craobhsgaoile bréithre Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 8:4
8 Tagairtí Cros  

Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.


de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;


An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.


D'fhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna.


Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.


Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná.


Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d'ainneoin fhreasúra láidir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí