Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




3 Eoin 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ba chóir dúinn cabhrú lena leithéidi, le bheith ag comhoibriú leo san fhirinne.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Uime sin ba cheart fáilte do chur roimh a leithéidibh, chum go mbéimís ’n‐ár gcómh‐oibrightheoiribh leis an bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le gur comhoibrithe sinn sa bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip




3 Eoin 1:8
17 Tagairtí Cros  

Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?


Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.


“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.


agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; -


Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú.


Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.


agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.


Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.


agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh,


don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.


Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna.


Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.


Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.


Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí