2 Samúéil 4:2 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do bhí ag mac Shauil dias fear captínigh ar chuideachduibh: budh é ainm duine dhíobh Baanah, agus ainm a nfir oile Réchab, mic Rimmon Beerotíteach, do chloinn Bheniamin: óir do háirmheadh Beerot fós do Bheniamin: |
Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d'imigh sé go síochánta.
Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae.
Ach d'fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: “Dar an Tiarna beo, a d'fhuascail mé ó gach gábh,
I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán.
Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.
Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.