Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Samúéil 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Do dhíoghail Daibhi ar Baanah agus Rechab marbhadh Isboset.

1 Agus a nuáir do chúalaidh mac Shauil gur marbhadh Abner ann Hébron, dfasadar a lámha lag, agus do bhí Israel uile buáidheartha.

2 ¶ Agus do bhí ag mac Shauil dias fear captínigh ar chuideachduibh: budh é ainm duine dhíobh Baanah, agus ainm a nfir oile Réchab, mic Rimmon Beerotíteach, do chloinn Bheniamin: óir do háirmheadh Beerot fós do Bheniamin:

3 Agus do theitheadar na Beerotitigh go Gittaim, agus do chomhnuigheadar ann sin gus a niugh.

4 Agus do bhí mac ag Ionatan, mhac Sauil, do bhí bacach ann a chosuibh. Agus do bhí a ccionn a chúig mblíadhan a nuáir tháinic sgéula ó Shaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do thóg a bhanaltra lé é, agus do teith si leis: agus tárla, mar do bhí sí ag déanamh deithnios re teitheamh, gur thuit sé, agus go ndéarnadh bacach é. Agus sé dob ainm dhó Mephibóset.

5 Agus do chúadar clann Rimmon, an Beerotiteach, Rechab agus Baanah, agus tangadar timchioll theasa an laói go tigh Isboset, noch do luidh ar a leabuidh san meadhon laói.

6 Agus tangadar annsin go lár an tíghe, mar do thiucfaidís ar cheann cruíthneachda; agus do bhuáileadar é fáoi an ccúigeadh easna: agus do chuáidh Rechab agus Baanah a dhearbhrathair as.

7 Oír á nuáir thangadar don tigh, do bhí seision na luidhe ar a leabuidh ann a sheomra codalta, agus do bhuáileadarsan é, agus do mharbhadar é, agus do dhíthcheannadar é, agus rugadar a cheann léo, agus dimthigheadar rompa thríd an réiteach ar feadh na hoidhche.

8 Agus thugadar ceann Isboset chum Dáibhi go Hébron, agus a dubhradar ris an righ, Féuch ceann Isboset mhic Sauil do námhuid, do shir do bhás; agus do rinne an TIGHEARNA dioghaltus mo thighearna an rígh a niugh ar Shaul, agus ar a shliochd.

9 ¶ Agus do fhreagair Dáibhi rechab agus Baanah a dhearbhrathair, mic Rimmon an Beerotiteach, agus a dubhairt sé ríu, Mar mhairios an TIGHEARNA, noch dfuascuil manum as gach uile ghábhadh,

10 A núair dinnis duine dhamh, dhá rádh, Feuch, atá Saul marbh, dá mheas go ttug sé scéula maithe chugamsa, do rug misi air, agus do mharbh mé é ann Siclag, an té do shaóil go ttiubhruinn lúach a sgéuluigheachda dhó:

11 Ga mhéid ós a chionn sin, a nuáir do mharbhadar droch dhaoine duine fíreunta ann a thigh féin ar a leabuidh? nach íarrfa misi air a nadhbharsin anois a fhuilsion as bhur lámhuibhsi, agus sibhsi thógbháil do dhruim na talmhan?

12 Agus dfúagair Dáibhi dá óganachuibh, agus do mharbhadar íad, agus do ghearradar a lámha agus a ccosa dhíobh, agus do chrochadar súas íad ós cionn an locháin ann Hébron. Achd do thógbhadar ceann Isboset, agus do adhlaiceadar é a ttúama Abner ann Hébron.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí