Bhí Ís Bál mac Shóil daichead bliain d'aois nuair a rinneadh rí ar Iosrael de; bhí sé dhá bhliain i gcoróin. Teaghlach Iúdá amháin a lean Dáiví.
2 Samúéil 3:14 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir Dáibhi teachda chum Isbóset mhac Sauil, gha rádh, Tabhair dhamhsa mo bhean Michal, noch do phós mé dhamh féin, ar son chéad réamhchroiceann do na Philistinibh. |
Bhí Ís Bál mac Shóil daichead bliain d'aois nuair a rinneadh rí ar Iosrael de; bhí sé dhá bhliain i gcoróin. Teaghlach Iúdá amháin a lean Dáiví.
Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.
D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.
d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.
Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím.