2 Samúéil 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil III. Abner ag fagbhail Isboset. 12 Do cheángail é féin ré Daibhi. 27 Do mharbhadh lé Ióab. 33 Agus do chaóineadh ré Daibhi, é. 1 Anois do bhí cogadh fada eidir thigh Shauil agus tigh Dháibhi: achd do bhí Dáibhi ag dul air a aghaidh a neart, agus tigh Shauil ag dul a laige agus nios laíge. 2 ¶ Agus rugadh mic do Dháibhi ann Hébron: agus do bé a chéad mhac Amnon, ré Ahinoam an Tiesrieelteach; 3 Agus a dhara mhac, Chíleáb, re Abígail bean Nábal an Carmelíteach; agus an treas, Absolon, mhac Maacah, inghean Thalmai rígh Gésur; 4 Agus an ceathramhah, Adoniiah mhac Haggit; agus an cúigeadh, Sephatia mac Abital; 5 Agus an seiseadh, Itream, re Heglah bean Dháibhi. Síad so rugadh do Dháibhi ann Hébron. 6 ¶ Agus tárla, an feadh do bhí cogadh idir thigh Shauil agus tigh Dháibhi, go ndéarna Abner é féin láidir do thigh Shauil. 7 Agus do bhí leannán ag Saul, dar bhainm Rispah, inghean Aiah: agus a dubhairt Isbóset re Abner, Cred far lúigh tú lé leannán mathar? 8 Ann sin do bhí Abner ro fheargach tré bhríathraibh Isbóset, agus a dubhairt sé, An ceann madruidh misi, noch thaisbeanus cinéul a niugh a naghaidh Iúdah do thigh Shauil hathairsi, dá dhearbhráithribh, agus dá cháirdibh, agus nar sheachaid mé thusa a láimh Dháibhi, as a bhfuil tú a niugh ag cur choire am leith a ttáobh na mnása? 9 Go madh marsin do dhéanas Día re Habner, agus fós nios mó, mar do mhionnuigh an TIGHEARNA do Dháibhi, muna ndéarna misi mar sin dó; 10 An rioghachd atharrughadh ó thigh Shauil, agus cathaóir Dháibhi chur súas ós cionn Israel, agus ós cionn Iúdah, ó Dhan air fad go Beer‐séba. 11 Agus níor fhéad sé éanfhocal freagartha do thabhairt ar Abner a rís, do bhrígh go raibh eagla air roimhe. 12 ¶ Agus do chuir Abner teachda chum Dáibhi dhá tháoibh féin, ga rádh. Cia ler leis an dúithche? ga rádh fós, Déana ceangal riomsa, agus, féach, biáidh mo lamh leachd, do thabhairt Israel uile timchíoll chugad. 13 ¶ Agus a dubhairt seision, Is maith sin; do dhéansa ceangal riot: achd éinni amháin íarrum ort, eádhon, Ní fhaicfidh tú mo ghnúis, muna ttuga tú Michal inghean Shauil leachd a chéaduaír, an tan thiucfas tú dom lathair. 14 Agus do chuir Dáibhi teachda chum Isbóset mhac Sauil, gha rádh, Tabhair dhamhsa mo bhean Michal, noch do phós mé dhamh féin, ar son chéad réamhchroiceann do na Philistinibh. 15 Agus do chuir Isbóset fios uirre, agus thug ó na fear í, eadhon ó Phaltiel mhac Lais. 16 Agus do chuáidh a fear lé ar fad ag gul na diáigh go Bahurim. Annsin a dubhairt Abner ris, Imthigh, agus fill. Agus do fhill sé. 17 ¶ Agus do chomhráidh Abner re seanoíribh Israel, ghá rádh, Díarrabhair roimheso Dáibhi bheith na rígh oruibh: 18 Anois cheana déanuidh é: óir do labhair an TIGHEARNA, a ttáobh Dháibhi, dha rádh, Le láimh mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi thárthochus misi mo phobal Israel as láimh na Bhphilistíneach, agus as láimh a námhad uile. 19 Agus do labhair Abner mar an gcéadna a gcluásaibh Bheniamin: agus do chúaidh Abner mar an gcéadna do labhairt a cclúasaibh Dháibhi ann Hébron a nuile ní dar thaitin le Israel, agus dar thaitin le tígh Beniamin uile. 20 Annsin tháinic Abner chum Dháibhi ann Hébron, agus fithche fear leis. Agus co rinne Dáibhi féasta do Abner agus don mhuinntir do bhí na fhochair. 21 Agus a dubhairt Abner ré Dáibhi, Eireochaidh misi agus imtheocha mé, agus cruinneochad Israel uile chum mo thighearna an rígh, chor go ndéanuid ceangal riot, agus go mbía tú ad rígh ós cionn gach ar mían led mheanmuin. Agus do chuir Dáibhi Abner ar siubhal; agus dimthigh sé a síothchain. 22 ¶ Agus féuch thangadar searbhfhoghantuighidh Dhaibhi agus Ioab ó thóruigheachd buidhne, agus tugadar éadáil mhór leó: (achd ní raibh Abner a bhfochair Dháibhi ann Hebron; óir do chuir sé ar siubhal é, agus dimthigh sé a siothcháin.) 23 A núair tháinig Ióab agus an sluágh do bhí na fhochair uile, dinnisiodar do Ióab, dha rádh, Táinig Abner mhac Ner chum an rígh, agus do chuir sé ar siubhal é, agus dimthigh sé a síothcháin. 24 Ann sin tháinic Ióab chum an rígh, agus a dubhairt sé, Cred an ni so do rinne tú? féuch, tháinig Abner chugad; cred fár chur tu air siubhal é, agus dimthigh sé thríd amach? 25 As aithnidh dhuitse Abner mhac Ner, gur dot mhealladh tháinic sé, agus dfagháil feasa do dhula amach agus do theachd a steach, agus dfios a nuile neithe da ndéan tú. 26 Agus a núair thaínic Ióab amach ó Dháibhi, do chuir sé teachda a ndiaigh Abner, noch thug air ais é ó thobar Sirah: ach ní raibh á fhios ag Dáibhi. 27 Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leathtaoibh é annsa gheata do labhairt go síothchánta ris, agus do bhuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeadh easna, go bhfúair sé bás, ar son fola a dhearbhráthar Asahel. 28 ¶ Agus na dhíaigh sin, a núair do chúalaidh Dáibhi é, a dubhairt sé, Atáimse agus mo rioghachd nemhchiontach a lathair an TIGHEARNA go bráth ó fhuil Abner mhic Ner: 29 Comhnuigheadh sí ar cheann Ióab, agus ar thigh a athar uile; agus nar theasduigh ó thigh Ióab duine ar a mbía créachd shillte, nó bhías na lobhar, nó dar budh éigin siubhal le bata, nó thuitfios ar an gcloidheamh, no ar a mbía easbhaidh aráin. 30 Marsin do marbhadh Abner le Ióab agus lé Abisai a dhearbhrathair, do bhrigh gur mharbh seision Asahel a ndearbhrathair annsa troid ag Gibeon. 31 ¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Ióab, agus ré a raibh na fhochair, Brisidh bhur néaduighe, agus gabhuidh sibh féin a saic‐éadach, agus caóinidh roimhe Abner. Agus do lean Dáibhi an rígh féin an cróchar. 32 Agus do adhlaiceadar Abner ann Hébron: agus do thóg an rígh a ghuth súas, agus do ghuil sé ar uáighe Abner; agus do ghuil an pobal uile. 33 Agus do chaói an rígh ós cionn Abner, agus dubhairt, An bhfuáir Abner bás mar éugas amadán? 34 Ní rabhadar do lámha ceangailte, ní mó do bhádar do chosa a ngéibhionn: mar thuitios duine a lathair dhaóine coirpethe, is mar sin do thuit tusa. Agus do ghuiliodar an pobal uile a rís ós a chionn. 35 Agus a nuáir tháinig an pobal uile dá thábhairt air Dháibhi bíadh ithe an feadh do bhí fós na lá, thug Dáibhi a mhionna, dhá rádh, Déanadh Día mar súd riómsa, agus tuilleamh fós, má bhlaisim aran, no éainní oile, nó go neachuidh an ghrían faói. 36 Agus tugadar na daóine uile da naire é, agus do thaitin sin riu: amhuil gach a ndéanadh an rígh do thaitnigheadh sé ris an bpobal uile. 37 Oír do thuig an pobal uile agus do thuig Israel uile an lá sin nach ón righ tháinic gur marbhadh Abner mhac Ner. 38 Agus a dúbhairt an rígh re na sherbhíseachaibh uile, Nach bhfuil a fhios agaibh gur thuit prionnsa agus duine mór a niugh a Nísrael? 39 Agus atáimsi a niugh lag, gé táim am rígh ungtha; agus atáid an mhuínntirsi mic Sheruiah rochruáidh dhamh: do bhéara an TIGHEARNA a luáigheachd dfior a nuilc do dhéanamh, do réir a chionta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society