Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 6:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus a núair thaínic aírc an TIGHEARNA go cathruigh Dháibhi, dféach Michal inghean Shauil ar fhuingeóig, agus do chonnairc sí Dáibhi rígh ag leímnigh agus ag damhsa as coinne an TIGHEARNA; agus do tharcuisnigh sí é ann a croidhe.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 6:16
12 Tagairtí Cros  

Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”


Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.


Thug Dáiví agus teaghlach Iosrael go léir áirc an Tiarna aníos le gártha agus le séideadh an stoic.


Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”


Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí.


bíonn ár súile ag faire an Tiarna, ár nDia, nó go ndéana sé trócaire.


Nára cúis náire mé do d'aos muiníne, a Thiarna Dia na slua. Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat, a Dhia Iosrael.


ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.


Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán d'fhíon úr atá siadsan.”


An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.


Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”


Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí