Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Samúéil 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Teasghrádh Dhaibhi. 6 Dánadas Ussah. 20 Agus imdheargadh Mhichal.

1 Aris, do chruinnigh Dáibhi a bhfochair a chéile daóine toghtha Israel uile, triochad míle.

2 Agus déirigh Dáibhi, agus do chuáidh guna raibh maille ris dá mhuinntir ó Bhaal‐Iúdah, do thabhairt airce Dé a núas as sin, noch ainmnighear tré ainm THIGHEARNA na slógh, noch chomhnuigheas idir na cherubinibh.

3 Agus do chuireadar airc Dé ar chairt núaidh, agus tugadar leó amach í as tigh Abinadab noch do bhí a Ngibeáh: agus do thiomaín Ussah agus Ahio, días mac Abinadab, an chairt núadh.

4 Agus tugadar amach as tigh Abinadab í noch do bhí a Ngibeáh, ag tabhairt chuideachda dáirc Dé, agus do ghluais Ahio roimhe an náirc.

5 Agus do shinn Dáibhi agus tigh Israel uile a lathair an THIGHEARNA ar gach uile adhbha chiúil déanta dfíodhbhadh giumhuis, eadhon ar chlairseachaibh, agus ar shaltrachaibh, agus ar thiompánuibh, agus ar choirnetibh, agus ar chimbaluibh.

6 ¶ Agus a núair thangadar go lár búailte Nachon, do chuir Ussah a lámh amach chum airce Dé, agus do ghabh greim uirre; óir do chroitheadar na daimh í.

7 Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Ussah; agus do bhúail Día ann sin e ar son a earraide; agus fúair sé bás ann sin láimh re háirc Dé.

8 Agus do bhí Dáibhi doirbh, do chionn go ndeáarna an TIGHEARNA briseadh ar Ussah: agus thug sé ainm ar an náitsin Peres‐Ussah gus an lá a niugh.

9 Agus do bhí eagla an TIGHEARNA ar Dháibhi an lásin, agus a dubhairt sé, Cionnus thucfas airc an TIGHEARNA chugamsa?

10 Marsin níor bháill lé Dáibhi aírc an TIGHEARNA do chorrughadh chuige féin go cathruigh Dháibhi: ach rug Dáibhi leis do leathtaoibh í go tigh Obededom an Gititeach.

11 Agus dfan airc an TIGHEARNA a ttigh Obed‐edom an Gititeach trí mhí: agus do bheannuigh an TIGHEARNA Obededom, agus muinntir a thighe uile.

12 ¶ Agus do hinnseadh do Dháibhi rígh, gha rádh, Do bheannuigh an TIGHEARNA tigh Obed‐edom, agus a nuile ní dar bhean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimthigh Dáibhi agus rug súas aírc Dé as tigh Obed‐edom go cathruigh Dháibhi maille re gaírdeachus.

13 Agus is amhluidh bhí, a núair do imthighedís an mhuinntir diomchair aírc an TIGHEARNA sé choisceím, do íodhbradh sé daimh agus méathusradh.

14 Agus do rinne Dáibhi damhsa as coinne an TIGHEARNA le na uile neart; agus do bhí ephod línéaduigh gabhthaum Dháibhi.

15 Marsin thug Dáibhi agus tigh Israel uile aírc an TIGHEARNA súas maille re gártha, agus le fuáim an stuic.

16 Agus a núair thaínic aírc an TIGHEARNA go cathruigh Dháibhi, dféach Michal inghean Shauil ar fhuingeóig, agus do chonnairc sí Dáibhi rígh ag leímnigh agus ag damhsa as coinne an TIGHEARNA; agus do tharcuisnigh sí é ann a croidhe.

17 ¶ Agus tugadar a steach aírc an TIGHEARNA, agus do chuireadar na suighe ann a haít féin í, a lár an tabernacuil noch do chuir Dáibhi súas di: agus do íodhbuir Dáibhi ofráil loisge agus íodhbartha síothchána a lathair an TIGHEARNA.

18 Agus comhlúath is chríochnuigh Dáibhi ofráil na híodhbartha loisge agus na híodhbartha síothchána, do bheannuigh sé an pobal a nainm TIGHEARNA na slógh.

19 Agus do roinn sé a measg an phobail uile, a measg choimhlín iomláin Israel, do na mnáibh fós agus do na fearuibh, dá gach uile dhuine bairghin aráin, agus spólla feóla, agus flaigín fíona. Na dhiáigh sin dimthigh an pobal uile gach áon dá thigh féin.

20 ¶ Annsin dfill Dáibhi do bheannughadh a theaghluigh. Agus tháinic Michal inghean Shauil amach a ccoinne Dabhi, agus a dubhairt sí, Cread é a ghlórmhuire do bhí rígh Israel a niúgh, noch do nochd é féin a namharc chailíneadh a sherbhíseach, mar nochdus áon do na dáoinibh díomhaóin é féin go míonáireach!

21 Agus a dubhairt Dáibhi re Michal, Is do lathair an TIGHEARNA, noch do thogh misi roimhe hathairsi, agus roimhe a thigh uile, dom órdughadh mar úachdarán ós cionn phobail an TIGHEARNA, ós cionn Israel: uíme sin do dhéana mé gáirdeachus a lathair an TIGHEARNA.

22 Agus biáidh mé fós nios tarcuisnigh ná mar so, agus níos uirísle ann mo radharc féin: agus ag na banóglachuibsin air ar labhair tusa, acasin fós biáidh mé a nonóir.

23 Uimesin ní raibh éinghin chloinne ag Míchal inghean Shauil go ló a báis.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí