Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
2 Samúéil 12:6 - An Bíobla Naofa 1981 Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cáithfidh sé ceithre huáin do thabhairt san nuan, do chionn go ndéarna sé an ní so, agus do bhrígh nach raibh trócaire ann. |
Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin.
Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó;
Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.
nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh.
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.