Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 12:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do las fearg Dháibhi go mór a naghaidh an duine; agus a dubhairt re Nátan, Mar mhairios an TIGHEARNA, an té do rinne sin geabhuigh sé bas go deibhin:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 12:5
10 Tagairtí Cros  

Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”


Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín, níorbh áil leis an bhfear saibhir an strainséir a bhí tagtha chuige a chothú as a thréada agus as a tháinte féin, ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáin agus d'ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.”


“Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”


Ach d'iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.


Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.


Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.


Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”


Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí