Léivític 6:5 - An Bíobla Naofa 19815 nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Nó a nuile ní timchioll a ttug a dhrochmhionna; aiseóguidh sé go hiomlán iona phrinnsipail, agus cuirfidh an cuigeadh cuid do bhárr na chionn, agus do bhéura don tí dár choir é, a ló ofrála ar son a chionta. Féach an chaibidil |
Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.
Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”