Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”
2 Samúéil 11:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir Dáibhi scéala uadh go Ióab, ghá radh, Cuir chugam Uriah an Hititeach. Agus do chuir Ióab Uriah go Dáibhi. |
Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”
Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air.
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,
Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean.
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.
“Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”