Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 11:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a núair tháinic Uriah chuige, dfíafruigh Dáibhi dhe cionnus do bhí Ióab, agus cionnus do bhí an pobal, agus cionnus do chuáidh an cogadh ar aghaidh?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 11:7
5 Tagairtí Cros  

“An bhfuil an scéal go maith aige?” ar sé leo. “Tá,” ar siad, “agus sin í a iníon Ráchael ag teacht leis na caoirigh.”


“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.


Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach.


Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.


D'fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí