Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”
2 Ríthe 8:3 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí na seacht mbliana caite d'fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla a ccionn na seachd mblíadhan, gur fhill an bhean as crích na Bhphilistineach: agus do chuáidh amach do ghairm air an rígh fá na tigh agus fá na fearann. |
Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”
Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach d'fhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.”
Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”
D'éirigh an bhean agus rinne mar a dúirt an giolla Dé léi: d'imigh sí lena líon tí agus chuir fúithi ar feadh seacht mbliana i dtír na bhFilistíneach.
Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.”
Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.”
Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.
Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.