2 Ríthe 8:6 - An Bíobla Naofa 19816 Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Agus a nuáir dfíafruigh an rígh don mhnaói, do innis sí dhó. Marsin dórduigh an rígh oifigeach áirigh dhi, gha rádh, Aisig gach ar bhuáin léith, agus toradh a fearuinn uile ón ló fá ar fhág sí an fearann, gus a nois. Féach an chaibidil |
Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”
Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.