Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 22:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do rinne sé breitheamhnus ar chúis an bhoicht agus a neasbhuighidh; annsin do bhádhas go maith aige: nach ar bhé so misi daithniughadh? a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 22:16
25 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.


óir is leatsa atá foinse na beatha; agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.


Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;


Labhair féin! tabhair breith chóir! cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.


Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.


d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.


Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”


Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”


Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.


Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.


Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.


Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”


Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.


Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí