Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.
2 Ríthe 7:3 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata - mar lobhair ab ea iad - agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: “Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do bhádar ceathrar do dhaóinibh lubhraigh ag dul a steach an gheata: agus a dubhradar gach áon re chéile, Cred fá suighmid annso go bhfagham bás? |
Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.
Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.”
Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.”
Cad chuige a n‑éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine?
Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”