2 Ríthe 5:1 - An Bíobla Naofa 19811 Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Anois do bhí Naaman, caiptín slóigh rígh na Síria, na dhuine mór agá thighearna, agus ro onorach, do bhrígh gur dá thaóibh thug an TIGHEARNA tártháil do Shíria: do bhí sé mar an gcéadna na dhuine neartmhar a ngaisgidh, acht do bhí sé na lobhar. Féach an chaibidil |