Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 6:22 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do fhreagair sé, Ní bhuáilfidh tú íad: an mbúailfeá an luchd do ghabh tú na bpríosúnachaibh led chloidheamh agus led bhogha? cuir arán agus uisge na bhfiághnuise, chor go níosuid agus go nibhid ní, agus go ttéighid chum a maighistir féin.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 6:22
10 Tagairtí Cros  

Maidir liom féin, bronnaim ort Seicim, de bhreis ar do dheartháireacha, é siúd a bhain mé de na hAmóraigh le mo chlaíomh agus le mo bhogha.”


Is tríotsa a chloíomar ár naimhde gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d'ainm.


(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”


An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.


Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;


Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin.