Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 (Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Acht biáidh truáighe agum do thigh Iúdah, agus tárrthecha mé íad maille ris an TTIGHEARNA a Ndía, agus ní lé bógha, nó lé cloidheamh, thárrthochus mé íad, nó lé cath, nó lé heachaibh, nó lé marcslúagh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 1:7
26 Tagairtí Cros  

Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.


Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”


An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.


Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d'impigh Eilíseá.


Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.


Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas, ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,


D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.


D'fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach.


An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Ba é a dúirt siad: ‘Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha le saol na saol.


(Agus ná himígí i ndiaidh déithe eile d'fhónamh dóibh agus á n‑adhradh; ná brostaigí mise chun feirge le hoibreacha bhur lámh féin; agus ní dhéanfaidh mé dochar daoibh.’)


más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”


Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac.


Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí