“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
2 Ríthe 4:10 - An Bíobla Naofa 1981 Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Guidhim thú, déunum séomra beag, ar an mballa; agus cuiriom leabuigh annsin dó, agus bórd, agus stól, agus coinnleóir: agus as amhluidh bhías, a nuáir thiucfas sé chuguinn, go bhfillfidh sé annsin a steach. |
“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
“Má thugann duine ar bith cupán d'fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.
agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.
Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.
ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh.