Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
2 Ríthe 25:10 - An Bíobla Naofa 1981 Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus slúagh na Ccaildeánach uíle do bhí a bhfochair chaiptín an ghárda, do bhriseadar síos balladha Ierusalem timchioll fa ccuairt. |
Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”
Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna; ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht, ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.
Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.
Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.
Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.
Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: “Tá an chathair gafa.”
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.