Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 14:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do ghabh Ioas rígh Israel Amasiah rígh Iúdah, mac Ioas mhic Ahasiah, a Mbet‐sémes, agus thainic sé go Hierusalem, agus do bhris sé síos balla Ierusalem ó gheata Ephraim go geata an choirnéil, ceithre chéud cubhad.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 14:13
16 Tagairtí Cros  

Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim.


Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air.


Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.


In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.


Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é.


Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],


Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.


Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.


Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.


Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.


Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí