d'fhreagair seisean: “Abraigí le bhur máistir: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom.
¶ Agus dubhairt Isaiah riú, Abruidh marso ré bhur maighistir, Is marso a deir an TIGHEARNA, Ná bíodh eagla ort roimhe na bríathruibh do chúala tú, ler scannluigheadar muinntir rígh na Hassiria misi.
Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.’
dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.
Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”
D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo: “A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón, ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata, agus a thógann an tslat i do choinne.
Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
“Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d'arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte.
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”