2 Ríthe 18:34 - An Bíobla Naofa 1981 Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cáit a bhfuilid dée Hamát, agus Arpad? cáit a bhfuilid dée Sepharbhaim, Hena, agus Ibhah? nar sháoradar Samária as mo láimhsi? |
Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”
I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.
Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.