Agus do ghlac Ahas an tór agus an tairgiod do fríth a ttigh an TIGHEARNA, agus a nionnmhus thighe an rígh, agus do chuir tiodhlacadh go rígh na Hassíria.
Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d'ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D'imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.
rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.
Thóg Ásá leis ansin an t‑airgead agus an t‑ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:
Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.
Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).